zeno
Create a Station
Explore
Religious
Music
News
Podcasts
Bible
By Genre
By Location
By Language
Download App
Toggle Sidebar
zeno
RTÉ Raidió na Gaeltachta
Tús Áite
News
Irish
Clár cúrsaí reatha an tráthnóna á chur i láthair ón Lárionad Raidió i mBaile Átha Cliath. Scéalta náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhíonn faoi chaibidil ar an gclár, le plé, anailís agus tuairiscí.
Website
Episodes
100
12 June 2026
Tús Áite: 12 Meitheamh 2026
Áine Ní Chiaráin (Tráchtaire Polaitíochta); Clodagh Ní Mhaoilchiaráin, Uachtarán Ghaeloideachas agus Príomhoide (Gaelscoil Bhaile Bhrigin); Naoise Dolan (Scríbhneoir agus Gníomhaí Cearta Daonna); Cecilia Ní Choileáin (Abhcóide); Seán Ó Riain (Iar-thaidhleoir lonnaithe sa Fhrainc)
44 min
12 June 2026
Tús Áite: Scéim TESS
Tá forbairt sa scéal a chlúdaíomar ar an gclár inné faoi treoir a bhí tugtha ag Tusla do scoileanna nach bhféadfaí inniúlacht sa Ghaeilge a chur san áireamh agus co-ordaitheoirí á earcú i gcóir scéim Teagmhála Baile, Scoil agus Pobal, fiú nuair a bheidh na comhordaitheoirí ag freastal ar scoileanna Gaeltachta nó Gaelscoileanna.
10 min
12 June 2026
Tús Áite: Revolutionary Housing League
Thug breitheamh Ard-Chúirte ordú do ghníomhaithe tithíochta foirgneamh i mBaile Átha Cliath a fhágáil laistigh de thrí lá, in ainneoin gur dúirt siad nach raibh sé ar intinn acu é a fhágáil. Tá an Teach Tábhairne i mBaile Átha Cliath 8 á úsáid acu le haghaidh imeachtaí pobail éagsúla le seachtainí anuas.
3 min
12 June 2026
Tús Áite: Súil Siar na Seachtaine
Cecilia Ní Choileáin, Abhcóide, agus Seán Ó Riain, Iar-thaidhleoir lonnaithe sa Fhrainc, a bhí linn ag plé scéalta móra na seachtaine.
20 min
12 June 2026
Tús Áite: Polaitíocht an Lae
Na scéalta móra i bpolaitíocht an lae á phlé ag Áine Ní Chiaráin, Tráchtaire Polaitíochta.
7 min
11 June 2026
Tús Áite: Foréigean i mBéal Feirste
Gortaíodh dáréag póilín agus gabhadh seisear déag le linn an dara oíche círéibe i dTuaisceart na hÉireann. Úsáideadh gunna uisce chun slua mór a scaipeadh le linn an fhoréigin a tháinig mar thoradh ar ionsaí tromchúiseach le scian i mBéal Feirste Dé Luain.
17 min
11 June 2026
Tús Áite: 11 Meitheamh 2026
Cuan Ó Seireadáin (Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta); Máirtín Ó Muilleoir (Iar-Ardmhéara Bhéal Feirste agus foilsitheoir nuachtáin); Feargal Mac Ionnrachtaigh (Stiúrthóir Ghlór na Móna); Patricia Uí hArlaigh (Príomhoide Scoil Náisiúnta Gort a’ Choirce, Dún na nGall) Concubhar Ó Liatháin (Comfhreagraí Gaeltachta The Journal.ie)
54 min
11 June 2026
Tús Áite: Polaitíocht an Lae
Na scéalta móra i bpolaitíocht an lae á phlé ag Cuan Ó Seireadáin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.
8 min
11 June 2026
Tús Áite: Mír na Meán Áitiúil
Scéalta ó na nuachtáin áitiúil ag Concubhar Ó Liatháin.
4 min
11 June 2026
Tús Áite: Scéim Nua ag Seirbhís Thacaíocht Oideachais Thusla
Tá scéim phíolótach curtha sa tsiúl ag Seirbhís Thacaíochta Oideachais Tusla atá ag cruthú deacracht shuntasach do scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta.
8 min